Níl sé éasca zombaí maith a fháil. Bhí an draoi ag iarraidh zombaí don chomórtas mór zombaithe, ach meas tú cén sórt zombaí a fuair sé dó féin sa deireadh?
Níl saol éasca ag Fear an Mhála sa lá atá inniu ann. Is deacair páistí a scanrú. Ní hamháin sin, ach tá go leor acu chomh tanaí agus nach féidir iad a ithe!
Tá Cnáimhín ag iarraidh peil a imirt, mar a dhéanann daoine. Ach tá a mhuintir ag iarraidh a mhíniú dó gur cnámharlach é, agus nach féidir leis peil a imirt. Ach an stopfaidh sé sin Cnáimhín?
Beidh bainis mhór i Lios Lurgain! Tá deartháir Luisne, Lugh, le pósadh lena ghrá geal, Eimhear. Tá cuireadh ag Luisne agus Deirdre agus ag na sióga óga ar fad chuig an mbainis agus tá siad ar bís ag fanacht leis an lá mór. Ach ní bhfuair gach aon duine cuireadh. Tá sióg ghránna amháin nach bhfuil an-sásta nach bhfuair seisean cuireadh chuig an mbainis, agus nuair a thagann sé chuig an mbainis ní ceiliúradh ata ar intinn aige!
Pictiúrleabhar álainn lándaite sa tsraith 'Arrachtaí' dírithe ar léitheoirí óga. Scéal spraiúil grinn a léiríonn an taobh ‘greannmhar’ den taibhsiúlacht. Líonfaidh na leabhair seo beárna mhór i réimse léitheoireachta (agus i bhfoclóir) an ghasúir — agus léifear í le fonn agus le scleondar. Tá ocras ar an vaimpír, Ladaslás. Ach tá a chuid fiacla maol, agus níl sé in ann plaic a bhaint as duine ar bith. Níl saol éasca ag an vaimpír!!!
Tá an teas casta as sa mhúsaem agus tá faitíos ar an mumaí agus a chairde go mbeidh siad fuar. Le cabhair an leoin, socraíonn an mumaí dul ar ais go dtí an Éigipt. Ach is fada an bealach é!